Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Cruinniú idir an tAire Coveney agus Státrúnaí Thuaisceart Éireann

Minister Simon Coveney, Éireann, Preas Ráiteas, Tuaisceart Éireann, 2017

Bhuail an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Simon Coveney TD, le Státrúnaí Thuaisceart Éireann, James Brokenshire MP, i mBaile Átha Cliath inniu.

Ag labhairt dó tar éis an chruinnithe, dúirt an tAire Coveney:

"Phléigh mé féin agus Státrúnaí Thuaisceart Éireann an bealach is fearr chun cinn do Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Breataine chun tacú le bunú Feidhmeannais nua do Thuaisceart Éireann sa tréimhse atá amach romhainn, ag teacht leis na freagrachtaí atá orainn mar chomh-ráthóirí Chomhaontú Aoine an Chéasta.

"Rinneamar dearbhú arís ar a mheáite atá an dá Rialtas i dtaobh forais chineachta Chomhaontú Aoine an Chéasta a bheith faoi shiúl arís chomh luath agus is féidir."

"Ní mór do na páirtithe a bhfuil an mandáid sin acu de bhua toghcháin an comhaontú a chur i gcrích atá ag teastáil chun Feidhmeannas nua a bhunú. Déanfaidh an dá Rialtas a míle dícheall sna seachtainí atá amach romhainn chun tacú leis na páirtithe ionas go mbainfear amach an cuspóir bunúsach sin."

Maidir le himeacht na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach, dúirt an tAire Coveney:

"Bhí plé idir mé féin agus an Státrúnaí freisin faoin imní atá fós ar an Rialtas maidir leis an tionchar a imreofar ar Thuaisceart Éireann de bharr an Ríocht Aontaithe a bheith ag imeacht as an Aontas Eorpach."

"Thugamar ar aird nach féidir dul i ngleic leis na ceisteanna a bhaineann le Tuaisceart Éireann ach amháin tríd an gcaibidlíocht atá ar siúl faoi láthair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe."

"Dhearbhaigh mé go bhfuil an Rialtas ag déanamh anailís ar na páipéir sheasaimh atá foilsithe ag an Ríocht Aontaithe i ndáil leis an imeacht as an Aontas, lena n-áirítear an páipéar ar Thuaisceart Éireann agus Éirinn, agus táimid féin agus Tascfhórsa an Choimisiúin, mar aon le 26 Ballstát eile an Aontais, tiomanta do bheith ag obair i dtreo imeacht ordúil na Ríochta Aontaithe."

"Leag mé béim air go mbaineann tábhacht ollmhór le cosaint an phróisis síochána agus le coinneáil leis an méid a baineadh amach faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta, agus nach mór cloí go hiomlán leis an bhfreagracht chomhroinnte sin sa chaibidlíocht idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe."

"Thug mé ar aird freisin go bhfuiltear dírithe go fóill, i gcomhair na mbabhtaí atá romhainn den chaibidlíocht idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, ar chur chun cinn na saincheisteanna a aithníodh i leith chéim a haon, lena n-áirítear na nithe a bhaineann go sonrach le hoileán na hÉireann."

Críoch