Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Conas is féidir liom iarratas a dhéanamh ar an dara pas chun críocha gnó?

Más mian leat iarratas a dhéanamh ar an dara pas chun críocha gnó, ní mór duit fianaise a thabhairt chun tacú le d'iarratas. Is gá na doiciméid chéanna a sholáthar a bhíonn ag teastáil i gcás iarratais ar phas caighdeánach.

Ina theannta sin, ní mór duit litir ar pháipéar ceannteidil ó Cheann do Chuideachta nó ó do Rannóg Acmhainní Daonna a chur isteach, ina bhfuil cur síos ar an bhfáth a dteastaíonn an dara pas uait. Ba chóir go gcuirfí síos sa litir ar do phost agus ar d'fhad seirbhíse leis an gcuideachta, agus ní mór do chuid dualgas taistil a dheimhniú inti, i bhfoirm liosta mionsonraithe den taisteal gnó atá réamh-mheasta do na míonna amach romhainn. Ba chóir deimhniú clárúcháin cuideachta a chur isteach chun tacú leis an litir sin. D'fhéadfadh sé go n-iarrfaí an deimhniú um chomhlíonadh cánach i leith na cuideachta freisin. Tabhair faoi deara nach mór gur i mBéarla a bheidh an litir sin.

Má theastaíonn an dara pas uait chun éascú d'iarratais ar víosaí, ba chóir duit fianaise a thabhairt lena léirítear gur coinníodh do phas ar feadh tréimhsí rialta ag Ambasáidí agus tú ag fanacht le víosa.

Agus d'iarratas á chur isteach agat, ní mór duit do phas pearsanta reatha/éagtha agus do phas gnó reatha/éagtha (más cuí) a chur isteach freisin. Féadfar iadsan a chur ar ais chugat tráth an chláraithe, más rud é go soláthróidh tú clúdach litreach stampáilte ar a bhfuil do sheoladh féin agus nóta á n-iarraidh ar ais.

Déantar dara pasanna chun críocha gnó a eisiúint le tréimhsí srianta bailíochta, suas go dtí uastréimhse bailíochta trí bliana.

Tabhair faoi deara nach ndéantar Pas Gnó a athnuachan go huathfheidhmeach. D'fhéadfaí tuilleadh eolais, lena n-áirítear deimhniú um chomhlíonadh cánach, a iarraidh má mheastar go bhfuil gá leis.

Déanann an tOifigeach Pasanna athbhreithniú ar gach iarratas ar phasanna gnó agus ní mór am breise a cheadú chun iarratas den sórt sin a phróiseáil.