Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Céard atá le déanamh má chailltear/goidtear nó má dhéantar damáiste do do Phas

Má théann do phas ar iarraidh, má ghoidtear é nó má bhíonn an pas damáistithe, ní mór duit na nithe a leanas a chinntiú:

  • Cuir iarratas nua isteach agus cinntigh go gcomhlánaíonn tú Cuid 6 den fhoirm iarratais a mhíníonn conas ar goideadh/cailleadh do phas nó conas a ndearnadh damáiste dó 
  • Cinntigh go bhfianóidh agus go stampálfaidh Garda é sin

Má théann dhá phas nó níos mó ar iarraidh uait, d’fhéadfadh sin srian a chur ar thréimhse bailíochta do chéad phas eile agus b’fhéidir nach bhféadfá do phas a fháil laistigh de 10 lá oibre.

Cuimhnigh...

Ná déan iarracht, in aon imthosca, taisteal ar phas a bhfuil tuairisc curtha faoi bhráid go bhfuil sé ar iarraidh nó goidte.